Mol an Oige 2: Cúrsa Gaeilge don tSraith Shóisearach, Gnáthleibhéal | Agenda Bookshop Skip to content
Selected Colleen Hoover Books at €9.99c | In-store & Online
Selected Colleen Hoover Books at €9.99c | In-store & Online
A01=Caitriona Ni Shuilleabhain
A01=Triona Geraghty
Age Group_Uncategorized
Age Group_Uncategorized
Author_Caitriona Ni Shuilleabhain
Author_Triona Geraghty
automatic-update
Category1=Kids
Category=YQF
COP=Ireland
Delivery_Delivery within 10-20 working days
Language_Irish
Language_Others
PA=Available
Price_€20 to €50
PS=Active
softlaunch

Mol an Oige 2: Cúrsa Gaeilge don tSraith Shóisearach, Gnáthleibhéal

Is do scoláirí Dara agus Tríú Bliana é Mol an Óige 2 (Gnáthleibhéal) agus tá sé ag teacht leis na treoracha atá leagtha amach i Sonraíocht na Sraithe Sóisearaí don Ghaeilge (L2) agus sa Chreat don tSraith Shóisearach.

  • Tá seacht gcéim i ngach aonad: Céim a 1: Litríocht agus Cultúr, Céim 26: Cumas Cumarsáide agus Céim a 7: Athbhreithniú agus Féinmheasúnú.
    Léirítear na Torthaí Foghlama mar chuspóirí foghlama soiléire.
  • Tá liosta de na Torthaí Foghlama cuí i gcás na dtrí shnáithe ag tús gach céime.
  • Rannóg Chur i Láthair ina bhfuil ábhar, stór focal agus modhanna éagsúla chun réimse leathan topaicí a chur i láthair, rud a chuidíonn le scoláirí agus iad ag ullmhú do MRB 2.
  • Tá tagairtí rialta don Mheasúnú chun Foghlama (McF) sa leabhar.
  • Aibhsítear gníomhaíochtaí a dfheilfeadh don Mheasúnú Rangbhunaithe.
  • Is féidir le scoláirí féinmheasúnú a dhéanamh ag úsáid na dticbhoscaí sna rannóga Féinfheasacht an Fhoghlaimeora: Féinmheasúnú.
  • Pléitear gnéithe de chultúr na hÉireann agus saol na Gaeltachta ar bhealach cuimsitheach.
  • Cuirtear béim ar an litearthacht leis na heochairnathanna agus an réamhobair sa rannóg chluastuisceana.
  • Múintear an ghramadach i mbealach comhtháite, agus tá aonad gramadaí ar leith ann a thugann deiseanna breise staidéir don scoláire, agus a chinntíonn feasacht teanga.
  • Tá Ceist ilmhódach i ngach aonad.

Acmhainní SAOR IN AISCE do Scoláirí

  • Sa Punann agus Leabhar Gníomhaíochta tá:
    • Gníomhaíochtaí ina gcruthaíonn an scoláire samplaí oibre
    • Gníomhaíochtaí a thacaíonn leis na haonaid
    • Traenáil sa dréachtú agus athdhréachtú
    • Loga gramadaí
    • Bileoga Féinmheasúnaithe/Machnaimh
    • Dhá thriail chluastuisceana shéasúracha
  • Ar CD 1 na Scoláirí tá na míreanna fuaime do na rannóga'
  • Cur i Láthair, na dánta atá sa téacsleabhar agus na trialacha cluastuisceana ón Punann agus Leabhar Gníomhaíochta.
  • Ar CD 2 na Scoláirí tá an t-ábhar cluastuisceana ar fad ón téacsleabhar.

Acmhainní SAOR IN AISCE do Mhúinteoirí

  • Sa Leabhar Acmhainní do Mhúinteoirí tá:
    - Léargas ginearálta ar an gCreat don tSraith Shóisearach
    - Cur síos ar an tSonraíocht don Ghaeilge agus naTreoirlínte Measúnaithe
    - Scéim Oibre don Dara agus Tríú Bliain
    - Pleanáil agus tacaíocht do MRB 1 agus MRB 2
    - Scripteanna iomlána CD agus físe
  • CDanna na Múinteoirí (na scrúduithe cluastuisceana ar fad agus athsheinm).
  • Tá acmhainní digiteacha breise ar fáil ar ár suíomh acmhainní, www.gillexplore.ie, san áireamh anseo tá sleamhnáin PowerPoint, físeanna MRB agus teimpléid

eLeabhar

eLeabhar saor in aisce a bhfuil físeanna agus naisc idirlín leabaithe ann féach an clúdach laistigh. Gheobhaidh múinteoirí a úsáideann an leabhar rochtain ar leaganacha eLeabhair den Punann agus Leabhar Gníomhaíochta agus Leabhar Acmhainní do Mhúinteoirí saor in aisce.


Is féidir teacht ar eLeabhair Gill Education ar líne agus as líne.

 

NA hÚDAIR

Múineann Caitríona Ní Shúilleabháin Gaeilge agus ceol i Meánscoil na Trócaire, Cnoc an tSeabhaic, Co. Chiarraí. Tá taithí fhairsing mhúinteoireachta aici agus is í a scríobh an tsraith Aois na Glóire don Teastas Sóisearach agus is comhúdar na leabhar Spreagadh agus Samhlaíocht don Ardteist í.


Múineann Triona Geraghty Gaeilge agus Fraincis i gColáiste Rís, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo. Tá go leor taithí aici mar scrúdaitheoir do na scrúduithe cainte Gaeilge agus is í a scríobh Less Stress More Success: Leaving Certificate Irish Higher Level, agus is comhúdar na leabhar Spreagadh agus Samhlaíocht don Ardteist í.

See more
Current price €29.04
Original price €34.99
Save 17%
A01=Caitriona Ni ShuilleabhainA01=Triona GeraghtyAge Group_UncategorizedAuthor_Caitriona Ni ShuilleabhainAuthor_Triona Geraghtyautomatic-updateCategory1=KidsCategory=YQFCOP=IrelandDelivery_Delivery within 10-20 working daysLanguage_IrishLanguage_OthersPA=AvailablePrice_€20 to €50PS=Activesoftlaunch
Delivery/Collection within 10-20 working days
Product Details
  • Weight: 1592g
  • Dimensions: 220 x 277mm
  • Publication Date: 15 Oct 2018
  • Publisher: Gill
  • Publication City/Country: Ireland
  • Language: Irish
  • ISBN13: 9780717180318

About Caitriona Ni ShuilleabhainTriona Geraghty

Caitríona Ní Shúilleabháin is an experienced teacher of Irish and Music in Mount Anville Secondary School in Dublin. She is an accomplished song-writer in both Irish and English and has worked extensively with TG4.  Triona Geraghty teaches Irish and French at Mount Saint Michael Secondary School Claremorris Co. Mayo.

We use cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue we'll assume that you are understand this. Learn more
Accept